Loading...
Close Menu
Tá ár dtéarmaí agus coinníollacha á nuashonrú againn faoi láthair. Gheobhaidh tú ríomhphost sna leathanta amach romhainn. Níl aon ghníomh ag teastáil.
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.

Calaois Ríomhphoist

eFlow you first

Ní mór dúinn a bheith airdeallach ar ríomhphoist sceamála i gcónaí de bhrí go bhfuilimid ag brath an oiread sin ar chumarsáid trí ríomhphost. Iarrfar ort sna ríomhphoist seo cliceáil ar nasc agus sonraí pearsanta agus airgeadais a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin góchumtha atá deartha chun aithris a dhéanamh ar shuíomh gréasáin ceart.

B’fhéidir go mbeadh nasc nó ceangaltán le fáil i roinnt ríomhphost calaoiseach agus nuair a chliceáiltear orthu íoslódálann siad bogearraí mailíseacha chuig do ríomhaire nó gléas. Is féidir le cineálacha áirithe bogearraí mailíseacha do ghníomhaíochtaí ar líne a rianú, agus cur ar a gcumas do shonraí airgeadais, pearsanta nó slándála a aistriú chuig na sceamálaithe. Is féidir a leithéid de rioscaí a sheachaint go héasca má chaitheann tú nóiméad i mbun machnaimh sula gcliceálann tú ar cheangaltáin nó ar naisc i do ríomhphoist.

Chun tú féin a chosaint ó na sceamálacha seo:
  1. Ná freagair aon ríomhphost a lorgaíonn d’fhaisnéis airgeadais, phearsanta nó slándála mura ndeimhníonn tú go neamhspleách gur tháinig an ríomhphost ón gcuideachta maíte. Ní sheolann eFlow ríomhphoist ina bhfuil naisc chun íocaíocht a dhéanamh, fiafróimid díot logáil isteach ar do chuntas eFlow trí www.eflow.iewww.secure.eflow.ie.
  2. Sula gcliceálann tú ar nasc nó ceangaltán i ríomhphost, fíoraigh go bhfuil an ríomhphost barántúil trí fhoinse an ríomhphoist a dheimhniú.
  3. Bí cúramach má iarrtar ort aon ghníomh práinneach a dhéanamh chun do chuntas a chosaint de bhrí nach lorgaíonn eFlow a leithéid de ghníomhaíochtaí riamh.

Ainneoin go mb’fhéidir go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh am á chur amú agat, cabhróidh sé leat am agus airgead a shábháil trí ionsaí féideartha bogearraí mailíseacha a chosc.