Fógra Cosanta Sonraí

Is é eFlow oibreoir an chórais dola saor ó bhacainní ar mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath agus soláthraíonn sé clibeanna leictreonacha le húsáid ar gach dola-bhóthar i bPoblacht na hÉireann. Is ainm gnó cláraithe é eFlow de chuid Bonneagar Iompair Éireann (“TII”). Faoi láthair tá Turas Mobility Services ar conradh ag an TII chun córas dola an M50 (eFlow) a oibriú thar a gceann. Is cuideachta Éireannach í Turas Mobility Services atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Is é eFlow oibreoir an chórais dola saor ó bhacainní ar mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath agus soláthraíonn sé clibeanna leictreonacha le húsáid ar gach dola-bhóthar i bPoblacht na hÉireann. Is ainm gnó cláraithe é eFlow de chuid Bonneagar Iompair Éireann (“TII”). Faoi láthair tá Turas Mobility Services ar conradh ag an TII chun córas dola an M50 (eFlow) a oibriú thar a gceann. Is cuideachta Éireannach í Turas Mobility Services atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
D’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh linn mar seo a leanas:
Tá gá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun seirbhísí dola-bhóthair a sholáthar do chustaiméirí eFlow. Féadfaimid cuid de na sonraí pearsanta seo a leanas nó iad go léir a bhailiú agus a phróiseáil maidir leat:
Cuntais chláraithe – d’ainm iomlán, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist, d’uimhir theileafóin, uimhirphláta ceadúnais, uimhir thagartha turais, soláthraí clibeanna, uimhir chlib agus cárta creidmheasa, cárta dochair nó sonraí dochair dhírigh Próiseálaimid faisnéis faoi phasáiste eFlow, stair íocaíochta, do chomhfhreagras agus taifeadtaí comhrá teileafóin.
Cuntas neamhchláraithe – d’ainm iomlán, do sheoladh poist agus d’uimhirphláta ceadúnais. Próiseálaimid faisnéis faoi phasáiste eFlow, stair íocaíochta, do chomhfhreagras agus taifeadtaí comhrá teileafóin.
Nuair a dhéanann tú teagmháil le eFlow ar an bhfón, trí r-phost nó trí seirbhísí an láithreáin ghréasáin, déanaimid sonraí faoi na cumarsáidí sin a thaifeadadh (m.sh. taifid chomhfhreagrais, teachtaireacht gréasáin, comhfhreagras litreach/facs, taifeadtaí glaonna teileafóin lena n-áirítear logaí glaonna teileafóin, srl.) agus aon sonraí eile a bhaineann leat a roghnaíonn tú a sholáthar dúinn. Chun íocaíochtaí a phróiseáil, féadfaidh eFlow sonraí cárta creidmheasa nó cárta dochair a bhailiú ó úsáideoirí bóthair.
Ó am go ham, féadfaimid teagmháil a dhéanamh leat ar an bhfón, trí ríomhphost nó trí SMS maidir le Suirbhéanna ar Shástacht Custaiméirí. Is féidir leat tarraingt siar ón teagmháil sin trí ríomhphost a sheoladh chugainn agdataprotection@eflow.ie nó trí scríobh chugainn ag an seoladh atá leagtha amach thuas i ‘Teagmháil a dhéanamh le eFlow’. Tabharfar an ceart duit freisin chun tarraingt siar ó Shuirbhéanna ar Shástacht Custaiméirí a fháil in aon ghlaonna nó ríomhphost chugat maidir le suirbhéanna dá leithéid.
Chomh maith le faisnéis a bhailiú uait go díreach, féadfaidh eFlow faisnéis fút féin agus d’fheithicil a bhailiú ó na foinsí seo a leanas:
- An Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe, de réir údaráis reachtaigh shonraigh;
- Údaráis um Cheadúnú Feithiclí Eachtracha, sna tíortha ina bhfuil an fheithicil cláraithe
- An Chuideachta Cíosa Feithicle, ionas gur féidir le eFlow teagmháil a dhéanamh leat agus na híocaíochtaí as do phasáiste a iarraidh;
- Oibreoirí Comhoiriúnacha i ndáil le hidirbhearta dola idir-inoibritheacha a sholáthar in Éirinn;
- Taifeadtaí grianghrafadóireachta agus físe den pasáiste dola do gach feithicil a úsáideann dola-bhóthar an M50; agus
- Ceamaraí/CCTV ag bonneagar dola an M50.
Próiseálann eFlow sonraí pearsanta d’fhonn:
- a chinntiú go bhfaightear íocaíocht ó gach úsáideoir bóthair a úsáideann seirbhísí eFlow de réir oibleagáidí reachtúla TII;
- seirbhísí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí;
- freagra a thabhairt ar cheisteanna agus ar ghearáin;
- éascú a dhéanamh ar shlógadh agus ar aistriú sheirbhísí ó sholáthraí seirbhísí idir-inoibritheacha um idirbhearta dola amháin go soláthraí eile; agus
- oibleagáidí reachtúla eile TII a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar TII mar rialaitheoir sonraí a chinntiú go bhfuil bunús dlí ann le do shonraí pearsanta a phróiseáil. Is é bunús dlí TII maidir leis an bhfaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil gá le próiseáil den sórt sin chun oibleagáidí dlíthiúla agus rialála TII a chomhlíonadh agus chun a chúraimí a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil atá dílsithe i TII, lena n-áirítear an ceart íocaíochtaí dola agus gach suim eile atá dlite mar thoradh ar úsáid an dola-bhóthair a éileamh, a ghearradh, a bhailiú agus a aisghabháil. In imthosca teoranta áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh do shonraí pearsanta á bpróiseáil ar bhonn do thoiliú – más amhlaidh atá, iarrfar ort léiriú dearfach a thabhairt faoin toiliú sin. Féadfaidh TII do shonraí pearsanta a phróiseáil freisin (mar shampla, sonraí pasáiste dola agus faisnéis faoi mhodhanna íocaíochta), chun críocha taighde nó staidrimh. Tá sé mar bhunús dlí TII go bhfuil sé riachtanach an phróiseáil seo a dhéanamh chun críocha taighde nó staidrimh dá leithéid (ach amháin i gcásanna ina bhfuil bearta oiriúnacha sonracha curtha i bhfeidhm ag TII chun do chearta agus do shaoirsí bunúsacha a chosaint).
Is é an bunús dlí ar a mbailímid, a bpróiseálaimid agus a n-aistrímid catagóirí speisialta sonraí a bhaineann leat (m.sh. má éilíonn tú díolúine ó dholaí a íoc ar fhorais stádas míchumais feithicle/tiománaí modhnaithe, d’fhéadfaí cruthúnas go bhfuil an fheithicil modhnaithe agus faisnéis faoi do stádas míchumais a iarraidh) ar an mbealach a thuairiscítear thuas ná:
- go bhfuil sé seo riachtanach ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, agus
- go bhfuil toiliú sainráite tugtha agat maidir le próiseáil den sórt sin.
I dtaca leis an méid thuas, féadfaidh eFlow do chuid sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go soláthraíonn sé leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta mar a fhoráiltear dó san Aontas Eorpach. Má dhéanann agus a mhéid a dhéanann eFlow amhlaidh, cinnteoidh eFlow go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme a rialaíonn aistrithe den sórt sin, a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann conradh a dhéanamh a rialaíonn an t-aistriú ina bhfuil na ‘clásail chaighdeánacha chonarthacha’ ceadaithe chun na críche seo ag an gCoimisiún Eorpach agus/nó oibleagáidí/socruithe aistrithe eile a shonróidh an Coimisiún. Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta a rinne eFlow ina leith seo ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag úsáid na sonraí teagmhála a léirítear thuas.
We may disclose your personal data to other organisations in connection with the above purposes, in the following circumstances:
- Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt lenár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse a chuidíonn linn le hoibriú gnéithe dár seirbhísí agus dár bhfeidhmeanna, amhail ár bpróiseálaí cárta íocaíochta, conraitheoirí comhfhreagrais baincéireachta agus priontála/poist, eintiteas forfheidhmithe eFlow, Údaráis Ceadúnúcháin Feithiclí Eachtracha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.
- Nuair a cheapaimid oibreoir nua in eFlow, féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt leis an oibreoir nua seo chun aistriú rathúil chuig an oibreoir nua a éascú agus leanúnachas seirbhíse do chustaiméirí eflow a chinntiú le linn aon idirthréimhse.
- Má sheolann tú ráiteas, gearán nó ceist chugainn maidir le hábhar nach bhfuilimid freagrach as, iarrfaimid do chead do chumarsáid a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí ábhartha.
- Sa chás go bhfuil sé de dhualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt d’fhonn aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht eFlow, ár gcustaiméirí nó daoine eile a chosaint. Féadfaimid faisnéis a roinnt faoin mbealach a stiúrann tú do chuntas le gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa.
- Nuair a cheanglaítear nó má cheadaítear é le dlí, féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a roinnt le húdaráis phoiblí agus le comhlachtaí eile, amhail an Garda Síochána nó údaráis forfheidhmithe dlí eile chun coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.
- Maidir le hidirbhearta dola idir-inoibritheacha a sholáthar in Éirinn, féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’oibreoir comhoiriúnach ábhartha nó do sholáthraí seirbhísí bainistíochta idir-inoibritheachta. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin soláthraí nua seirbhísí den sórt sin chun aistriú gan stró ón soláthraí reatha go dtí an soláthraí nua a éascú agus chun leanúnachas seirbhíse a chinntiú.
- Féadfaimid sonraí pasáiste dola a roinnt le príomhpháirtithe leasmhara, m.sh. an Roinn Iompair, chun críocha taighde agus anailíse staidrimh. D’fhonn comórtais a oibriú thar ceann TII féadfaimid d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do roghanna margaíochta a sholáthraíonn tú a nochtadh, le do thoiliú.
- Sa chás go gceadaítear sin de réir an dlí.
Ní choinneoimid do chuid sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche nó na gcuspóirí a bhfuarthas iad, lena n-áirítear chun aon cheanglais dhlíthiúla, chuntasaíochta nó tuairiscithe a shásamh. Tá difríochtaí sna tréimhsí coinneála ag brath ar an gcineál catagóirí sonraí pearsanta a choinnítear.
Chun an tréimhse choinneála chuí le haghaidh sonraí pearsanta a shocrú bímid ag féachaint ar mhéid, ar chineál agus ar íogaireacht na sonraí pearsanta, ar an mbaol go ndéanfaí díobháil dóibh mar thoradh ar úsáid neamhúdaraithe nó nochtadh do chuid sonraí pearsanta, ar na cuspóirí atá againn le próiseáil do chuid sonraí pearsanta agus cé acu an féidir nó nach féidir linn na cuspóirí sin a bhaint amach ar shlite eile, agus ar na riachtanais dlí is infheidhme.
Tá na cearta seo a leanas agat, in imthosca áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
- an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
- an ceart a iarraidh go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú agus/nó a scriosadh;
- an ceart srian a chur ar úsáid do shonraí pearsanta;
- an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
- an ceart chun do chuid sonraí pearsanta, a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a cheangal orainn na sonraí sin a aistriú chuig rialtóir sonraí eile, agus
- sa chás go bhfuil ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a fháil uait, an ceart do thoiliú leis an bpróiseáil a tharraingt siar tráth ar bith.
D’fhonn aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag úsáid na sonraí conartha a léirítear thuas.
Má tá aon cheist nó gearán agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn trí na sonraí teagmhála thuas a úsáid. Nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí TII mar seo a leanas:
- tríd an bpost: Oifigeach Cosanta Sonraí, Bonnegar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile átha Cliath 8, D08 DK10
- trí riomhphostl: dataprotection@tii.ie
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi chosaint sonraí a fháil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie
Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a d’úsáidamar d’fhaisnéis nó gur thugamar aghaidh ar do chearta.
Is féidir sonraí faoi conas gearán a dhéanamh a fháil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.