Loading...
Close Menu
Ní sheolann eFlow naisc i dteachtaireachtaí téacs. Má fhaigheann tú ceann, scrios láithreach é. Níor cuireadh as dár gcóras nó níor tharla sárú sonraí. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.

Mol Slándála eFlow

eFlow you first
Mol Slándála eFlow

Tá calaois agus sceamálacha ag éirí níos coitianta, agus níos casta. Tá sceamálaithe ag díriú ar dhaoine as ar fud na tíre trí théacsanna calaoiseacha a sheoladh chucu a bhfuil an chuma orthu gur eFlow atá á seoladh.

Ní sheolann eFlow téacsteachtaireachtaí a bhfuil naisc iontu chuig custaiméirí.

Is é an aidhm atá le Mol Slándála eFlow feasacht ar iarrachtaí sceamála a chruthú agus eolas a roinnt lenár gcustaiméirí ionas go mbeidh siad níos eolaí ar sceamálacha.

first accordion
Ní dhéanfaidh eFlow an méid seo a leanas riamh
  • Ní fhiafrófar de chustaiméirí naisc a oscailt chun sonraí íocaíochta a dheimhniú.
  • Ní sheolfaidh sé SMS maidir le híocaíocht theipthe nó pionóis gan íoc.
  • Ní fhiafrófar de chustaiméirí faisnéis íocaíochta a chur ar fáil trí chliceáil ar nasc.
Cad atá á dhéanamh ag na scaimiléirí
  • Tá suíomhanna Ghréasáin bhréige curtha le chéile ag scaimiléirí a dhéanann aithris ar shuíomh Gréasáin eFlow.
  • De ghnáth treoraíonn na teachtaireachtaí an faighteoir nasc a leanúint chuig áit ina ordaitear dó gníomh práinneach a dhéanamh.
  • Is féidir le héinne, fiú amháin custaiméirí eFlow, na scamtheachtaireachtaí scam seo a fháil.
An méid is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint
  • Má fhaigheann tú téacs a bhfuil an chuma air gur eFlow a sheol é ina bhfuil nasc, ná cliceáil air. Tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán ar https://report.netcraft.com.
  • Má chliceáil tú ar nasc amhrasach, déan teagmháil le do bhanc láithreach.
  • Íoc méideanna dola atá gan íoc go díreach ar ár suíomh gréasáin i gcónaí.
Leideanna le haghaidh camscéim a aithint
  • Bí cúramach faoi theachtaireachtaí gan iarraidh. Is minic a úsáideann na scaimiléirí a leithéid teachtaireachtaí le haghaidh faisnéis phearsanta a fháil.
  • Más cosúil go bhfuil rud éigin ann atá amhrasach nó ró-mhaith le bheith fíor, is dócha gur a leithéid an cás.. Bí cúramach i gcónaí agus ná bíodh leisce ort cabhair nó comhairle a lorg má tá amhras ort.
  • Déan céannacht an tseoltóraa fhíorú. Is minic a dhéanann scaimiléirí aithris ar ghnólachtaí nó ar eagraíochtaí dlisteanacha, Mar sin, ba cheart duit seoladh rPhoist nó faisnéis teagmhála an tseoltóra a athsheiceáil.
Céard é smioscaireacht?
  • Is éard atá i gceist le smioscaireacht meascán den fhocal SMS agus fioscaireacht. Is cineál sceamála atá ann – Is éard atá ann ná an cleachtas calaoiseach teachtaireachtaí téacs a sheoladh ag ligean orthu gur cuideachtaí creidiúnacha iad d’fhonn faisnéis phearsanta daoine aonair a fháil, amhail pasfhocail nó uimhreacha cárta creidmheasa.
  • Cuirtear in iúl sa téacsteachtaireacht gur ó fhoinse iontaofa a seoladh í, do bhanc, soláthraí seirbhíse cosúil le eFlow nó comhlacht rialtais mar shampla.
  • Tá sé deacair iad seo a thabhairt faoi deara de bhrí go scríobhtar iad í stíl cosúil le stíl na heagraíochta agus go bhféadfaidís a bheith le feiceáil laistigh de shnáithe teachtaireachtaí a fhaightear ón eagraíocht.
  • Ní sheolann eFlow téacsteachtaireachtaí a bhfuil naisc iontu chuig custaiméirí.
Conas sceamáil a thuairisciú

Má fuair tú téacs a bhfuil an chuma air gur eFlow a sheol é ina bhfuil nasc, ná cliceáil air, tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán chuig https://report.netcraft.com.