Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Clárúchán

eFlow you first

Clárúchán

first
Cén tairbhe a bhaineann le clárú chun cuntas eFlow a fháil?

Le cuntas eFlow, beidh tú in ann do dholaí M50 a íoc go huathoibríoch ag ráta lascainithe. Trí chlárúchán a dhéanamh chun cuntas eFlow a fháil, is féidir le húsáideoirí leas a bhaint as dolaí físe nó as dolaí clibe. Sábhálfaidh an córas dolaí físe €0.60 ort gach turas a dhéanfaidh tú ar an M50 agus ní bhaineann aon táille bhainistíochta cuntais leis. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. Leis an gcóras dolaí clibe, is féidir tuilleadh lascainí a fháil agus baineann táille €1 móide CBL leis an gclib gach mí.

Cén cineál cuntais a bheadh oiriúnach dom?

Tá sé níos saoire agus níos éasca dolaí a íoc má chláraíonn tú chun cuntas eFlow a fháil.

Nuair atá modh íocaíochta bailí gníomhach ar an gcuntas, cuirfear gach turas dola a dhéanann d’fheithicil ar an M50 i bhfeidhm ar an gcuntas go huathoibríoch. Is féidir rogha a dhéanamh idir cuntas eFlow réamhíoctha nó iaríoctha. Is féidir feithiclí atá luaite ar do chuntas leas a bhaint as an gcóras dolaí físe nó as an gcóras dolaí clibe, nó as meascán den dá cheann má tá níos mó ná feithicil amháin ar do chuntas.

Moltar dóibh siúd a úsáideann Dolabhóthar an M50 go minic an córas dolaí clibe a roghnú toisc go mbaineann an méid is mó lascainí in aghaidh an turais leis. Chun an rogha is fearr duitse a dhéanamh agus chun miondealú iomlán a fháil ar na rátaí a bhaineann le dolaí físe agus le dolaí clibe, féach an t-áireamhán dolaí.

I gcás cuairteoirí a úsáideann Dolabhóthar an M50, is féidir cuntas a bhunú do thurasóirí/chuairteoirí agus baineann dáta tosaithe agus dáta deiridh leis an gcuntas áirithe sin. Tá sé oiriúnach do chuairteoirí i mBaile Átha Cliath a bheidh an M50 á úsáid acu le linn tréimhse sonraithe. Níl aon rogha ag baint leis an gcuntas seo – is cuntas réamhíoctha é lena mbaineann dolaí físe.

Gnó

Le cuntas ‘Gnó’, beidh úsáideoirí in ann táillí dola a bhainistiú i gcás cúig fheithicil nó níos mó. Níl aon teorainn leis an líon feithiclí is féidir a chur ar an gcuntas seo agus is féidir súil a choimeád ar na feithiclí, na turais agus na híocaíochtaí go léir ar líne. Má tá ceist ar bith agat faoi do chuntas, tá ár mbainisteoirí cuntas gnó ar fáil chun cabhrú leat.

Má tá flít níos mó ná 20 feithicil ag gnólacht, is féidir an clárúchán a dhéanamh ar an nguthán faoi threoir bainisteoir tiomnaithe cuntas flít ach glaoch a chur ar 0818 50 50 80. Ó thaobh an chuntais ‘Gnó’, tá rogha ann idir clib eFlow agus dolaí físe agus is féidir rogha a dhéanamh idir cuntas eFlow réamhíoctha nó iaríoctha.

Cuntas Réamhíoctha nó Iaríoctha

Is féidir le húsáideoirí a bhfuil cuntas réamhíoctha nó cuntas iaríoctha acu an córas dolaí físe nó an córas dolaí clibe a roghnú i ndáil leis na feithiclí atá cláraithe ar a gcuntas. Baineann lascainí éagsúla leis an gcóras dolaí físe nó an córas dolaí clibe (féach ár n-áireamhán dolaí anseo). 

Cuntas Réamhíoctha
Baintear táillí dola go huathoibríoch ó iarmhéid réamhíoctha custaiméirí a bhfuil cuntas réamhíoctha acu gach uair a dhéantar turas.

I ndiaidh cuntas réamhíoctha a bhunú, déanfar asbhaint tosaigh €40.00 ó do mhodh íocaíochta roghnaithe.

Nuair a théann iarmhéid an chuntais faoi bhun na tairsí €12, déantar é a bhreisiú go huathoibríoch ón modh íocaíochta atá cláraithe ar do chuntas. Baineann íosmhéid €30.00 agus uasmhéid €1,000.00 leis an mbreisiú seo. Má tá uasmhéid níos mó ná €1,000.00 ag teastáil uait, déan teagmháil linn.

Cuntas Iaríoctha
Le cuntas iaríoctha, déantar do tháillí go léir le haghaidh míosa amháin a chomhdhlúthú in aon íocaíocht amháin. Tógtar an íocaíocht ó do mhodh íocaíochta cláraithe idir an 12ú lá agus an 18ú lá den mhí dár gcionn.

Bogadh ó Chuntas Réamhíoctha go Cuntas Iaríoctha

Ar an drochuair, ní féidir bogadh ó chineál amháin cuntais go cineál eile faoi láthair. Chun cineál cuntais eile a roghnú, beidh ort do chuntas reatha a dhúnadh agus cuntas nua den chineál eile a oscailt.