Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Iarmhéid & ráitis

eFlow you first
Iarmhéid & Ráitis
first
Conas is féidir liom iarmhéid mo chuntais a sheiceáil?

Chun iarmhéid do chuntais a fheiceáil:

  1. Logáil isteach in eFlow le d'ainm úsáideora agus do phasfhocal.
  2. Cliceáil ar ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’ sa chuid Forbhreathnú Cuntais. Beidh do iarmhéid le feiceáil ag barr an leathanaigh. Má tá cuntas Íocaíochtaí Poist agat, is féidir leat do ráitis a fheiceáil ar an leathanach ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’. Chun do ráiteas a fheiceáil, roghnaigh an raon dátaí a theastaíonn uait agus ansin cliceáil ar dheilbhín ‘leathanach’ an ráitis ar mhaith leat a fheiceáil.

Taispeántar an dáta íocaíochta ar an leathanach ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’. Tógfar íocaíocht as aon iarmhéid atá dlite ag deireadh na míosa amach as do chuntas ar an dáta ar taispeáint.

Chun íocaíocht a dhéanamh ar do chuntas eFlow:
  1. Logáil isteach in eFlow le d'ainm úsáideora agus do phasfhocal.
  2. Ar leathanach forbhreathnú an chuntais, cliceáil ar ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’ agus ansin cliceáil ar ‘Íocaíocht Breisithe’
  3. Ar an leathanach ‘Íocaíocht Breisithe', cuir isteach an méid ar mhaith leat a íoc sa bhosca ‘Méid le hÍoc'.
  4. Roghnaigh ó na modhanna íocaíochta sábháilte nó íoc trí mhodh íocaíochta nua a úsáid trí chliceáil ar chárta Dochair/Creidmheasa faoi ‘Íoc le Cárta’ agus cuir isteach sonraí do chárta.
  5. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Íoc’ chun an íocaíocht a chríochnú.

Má tá cuntas Réamhíoctha agat, is féidir leat féachaint ar d'iarmhéid reatha faoin gceannteideal ‘Ráitis agus Íocaíochtaí’. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar iarmhéid do chuntais, is fearr féachaint ar do ráiteas is déanaí. Roghnaigh raon dátaí na ráiteas ar mhaith leat a fheiceáil agus cliceáil ar an leathanach in aice leis an ráiteas ar mhaith leat a fheiceáil. Is féidir leat íocaíochtaí Breisithe breise a dhéanamh ar líne chun do chreidmheas a leathnú.

Conas a ríomhtar iarmhéid an chuntais?

Tá iarmhéid do chuntais le fial ar an leathanach ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’ le haghaidh iar-íocaíochta, le haghaidh réamhíocaíochta, tá d’iarmhéid le fáil ar an leathanach ‘Ráitis agus Íocaíochtaí’. Tagraíonn an t-iarmhéid don iomlán a bheidh le feiceáil ar do chéad sonrasc/ráiteas eFlow eile. Baineann sé seo le táillí a tabhaíodh i rith na míosa roimhe sin, nár tógadh íocaíocht ina leith go fóill ó do mhodh íocaíochta cláraithe ar do ráiteas.

Ní chuimsíonn sé turais a rinneadh i rith na míosa reatha (d’iarmhéid beo) agus ní bheidh siad comhoiriúnach le suim na sleachta ar an leathanach ‘Turais agus Íocaíochtaí’.

Conas is féidir liom mo ráitis a fheiceáil?

Chun do ráitis bhille a fheiceáil, logáil isteach ar eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus do phasfhocal.

  1. Le haghaidh cuntais réamhíocaíochta, roghnaigh ‘Ráitis agus Íocaíochtaí’ ar an leathanach forbhreathnú cuntais. Má tá cuntas iar-íocaíochta agat, roghnaigh ‘Sonraisc agus Íocaíochtaí’.
  2. Roghnaigh raon dáta na ráiteas ar mhaith leat a fheiceáil (ar an drochuair, ní féidir linn ráitis a sholáthar roimh uasghrádú ár gcórais ar an 7ú Lúnasa. Le do thoil,téigh i dteagmháil linn má theastaíonn do ráitis uait roimh an dáta seo).
  3. Cliceáil ar an ndeilbhín ‘Leathanach Páipéir’ den ráiteas ar mhaith leat a fheiceáil agus é laistigh de do bhrabhsálaí…
  4. Roghnaigh ‘File’ agus ‘Save As…’ chun an comhad PDF a íoslódáil agus a shábháil.
Ba mhaith liom an chaoi a bhfaighidh mé mo ráiteas a athrú

Chun athrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfaigheann tú do ráiteas:

  1. Logáil isteach in eFlow le d'ainm úsáideora agus do phasfhocal.
  2. Roghnaigh ‘Mo Shonraí’ sa leathanach forbhreathnú cuntais.
  3. Cliceáil ‘Sainroghanna Teagmhála’
  4. Cliceáil ‘Faigh Billí trí’ roghchlár anuas agus roghnaigh cé acu an mian leat do ráiteas a fháil trí ríomhphost nó tríd an bpost.
  5. Cliceáil ‘Sábháil Gach Athrú’ ag bun an leathanaigh.