Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Dolabhóthar an M50

eFlow you first
Dolabhóthar an M50
first
Deacrachtaí Íocaíochta

Tá a fhios againn faoi láthair go bhfuil deacrachtaí ag custaiméirí a ndola M50 a íoc ar ár suíomh gréasáin. Má tá fadhbanna agat ar chúis ar bith, tá cúpla rud ar féidir leat triail a bhaint astu:

• Oscail brabhsálaí nua ar nós Google Chrome nó Firefox.
• Glan fianáin agus taisce. Chun é seo a dhéanamh téigh isteach i do shocruithe brabhsálaí sa chúinne uachtarach ar dheis > Socruithe > Roghnaigh ”Príobháideachas agus Slándáil” > ansin “Glan Sonraí Brabhsála” roghnaigh an rogha Fianáin agus Taisce agus ansin scrios; nó
• Cumasaigh míreanna aníos don suíomh gréasáin www.eflow.ie. Cumasaítear míreanna aníos faoi shocruithe an tsuímh.

Teachtaireachtaí amhrasacha

Ní sheolann eFlow naisc i dteachtaireachtaí téacs. Má fhaigheann tú ceann, scrios láithreach é. Níor cuireadh as dár gcóras nó níor tharla sárú sonraí. Féadann tú a bheith cinnte go bhfuil do shonraí slán. Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus samplaí cliceáil anseo.

Cad é dola an M50?

Tá dola gan bhacainn ag Mótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath a ligeann do gach tiománaí dul tríd an dola gan stopadh. Tá roinnt bealaí ann chun an dola a íoc, nach mór á íoc faoi 8pm an lá dár gcionn. Tá an dola suite idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamhcán) ar an M50 agus tá sé marcáilte go soiléir le comharthaí corcra ‘Dola/Toll’ lastuas. Chun pionóis a sheachaint, cliceáil ar Dola a Íoc, nó Cláraigh  le cuntas eFlow nó mar chustaiméir cláraithe.

Cá bhfuil dola-bhóthar an M50?

Tá dola an M50 suite idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamhcán) den mhótarbhealach. Léirítear an bealach isteach go dtí an pointe dola le comharthaí corcra cois bóthair agus le marcanna bóthair. Aithnítear an pointe dola féin leis an ngeantraí lastuas a théann trasna na gceithre lána ar gach taobh den mhótarbhealach. Léiríonn an geantraí comhartha corcra “DOLA ANSEO/TOLL ANSEO” agus tá sraith ceamaraí lasnairde air.

Cé mhéad iad táillí dola an M50?

Déantar táillí dola an M50 a mhiondealú de réir cineáil/aicme na feithicle agus cibé an sealbhóir cuntais cláraithe le eFlow nó le haon soláthraí clibe eile é an tiománaí. Léirítear na táillí sa tábla thíos. Tabhair faoi deara go bhfuil na rátaí seo bailí ón 1 Eanáir 2024. Muna bhfuil tú cláraithe le eFlow, nó le haon soláthraí clibe eile, ní mór duit íoc ar úsáid dolabhóthar an M50 idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamhcán) agus a leithéid íocaíochta a dhéanamh roimh 8in an lá dár gcionn.

CINEÁL FEITHICLE GAN Cuntas DOLA M50 FÍSEÁN DOLA M50 CLIB
Gluaisrothair Saor in Aisce Saor in Aisce Saor in Aisce
Gluaisteán nó feithicil seirbhíse poiblí le suíocháin do suas le 8 bpaisinéir €3.70 €3.10 €2.50
Feithicil earraí le meáchan feithicle neamhualaithe nach mó ná 2,000kg €4.70 €4.10 €3.50
Bus nó cóiste le suíocháin do 9 bpaisinéir nó a thuilleadh €4.70 €4.10 €3.50
Feithicil earraí le meáchan neamhualaithe níos mó ná 2,000 kg ach nach mó ná 10,000kg €6.30 €5.70 €5.10
Feithicil earraí le meáchan neamhualaithe os cionn 10,000kg €7.50 €6.90 €6.30

 

D’ordaigh an tAire Iompair do BIÉ lascaine a chur i bhfeidhm ar na dolaí infheidhme agus/nó cuí don tréimhse dar tosach ar an 1 Eanáir 2023 agus dar críoch ar an 30 Meitheamh 2023 ionas go mbeidh na dolaí le híoc le linn na tréimhse seo mar an gcéanna leo siúd a bhí le híoc sa bhliain 2022. Ón 1 Iúil 2023, beidh na rátaí dola seo a leanas i bhfeidhm ar an M50:

VEHICLE TYPE NO Account M50 VIDEO TOLLING M50  TAG TOLLING
Motorcycles Free Free Free
A motor car or public service vehicle with seating for up to 8 passengers €3.20 €2.70 €2.10
A goods vehicle with an unladen vehicle weight not exceeding 2,000kg €4.10 €3.50 €3.00
A bus or coach with seating for more than 8 passengers €4.10 €3.50 €3.00
A goods vehicle with an unladen weight exceeding 2,000 kg but not exceeding 10,000kg €5.40 €4.90 €4.40
A goods vehicle with an unladen weight exceeding 10,000kg €6.50 €6.00 €5.40

 

Conas is féidir liom an dola M50 a íoc?

Sé an bealach is éasca ná clárú le haghaidh cuntas le eFlow nó le haon soláthraithí eile na gclibeanna eile atá le fáil ar eToll.ie. Más eFlow do rogha, is féidir cuntas réamhíoctha nó iaríoctha a bheith agat, agus is féidir d’fheithicil a chlárú le haghaidh dolaí físeáin nó clibe.

Má roghnaíonn tú cuntas réamhíocaíochta a thosú, coinneofar do chuntas i gcreidmheas agus bainfear gach turas a dhéantar as an iarmhéid agat. Léireoidh do ráiteas eFlow na híocaíochtaí agus na turais don mhí roimhe sin sa chéad seachtain den mhí reatha. Nuair a shroicheann d’iarmhéid tairseach €12 an íosiarmhéid, cuirfear méid breise le d’iarmhéid go huathoibríoch.

Réamhiarmhéid tosaigh

€40

Tairseach an íosiarmhéid

€12

Íosmhéid breisithe

€30

Más cuntas iaríocaíochta do rogha, gheobhaidh tú sonrasc míosúil a léiríonn gach turas agus gach táille atá dlite. Caithfear an méid a léirítear ar do shonrasc míosúil a íoc le eFlow idir an 12ú agus an 18ú lá den mhí dár gcionn. Íocaíocht uathoibríoch í seo, le hacmhainn íocaíochta á sábháil  ar do chuntas.

Muna mian leat cuntas eFlow a oscailt, beidh ort do dolaí a íoc de láimh. Ní mór na híocaíochtaí seo a dhéanamh roimh 8in an lá dár gcionn, nó gearrfar pionós na híocaíochta déanach ort. Is féidir á dhéanamh ar líne anseo, trí ghlaoch ar ár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí ag 0818501050 nó ag aon ionad miondíola Payzone ar fud na hÉireann.

Conas a oibríonn an dola?

Úsáideann an geantraí dola meascán de léasair, rabhcháin agus ceamaraí chun feithiclí atá ag dul faoi a aimsiú. Gabhann na ceamaraí ilíomhánna de gach feithicil agus an uimhirphláta aici. Cuireann Comhad Náisiúnta Sonraí na bhFeithiclí (CSNF) sonraí na n-úinéirí cláraithe ar fáil. Is bunachar sonraí é an CSNF de gach feithiclil cheadúnaithe atá á coinneáil laistigh den Stát.

 

Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil an dola rite agam?

Tá an pointe dola suite ar an ngeantraí lastuas thar mhótarbhealach an M50 idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamhcán). Léiríonn na comharthaí corcra lastuas, mar atá le feiceáil san íomhá, an dola. Má bhíonn tú ag tiomáint faoin droichead seo, tá tú faoi dhliteanas dola an M50 a íoc.

The M50 Toll Gantry

Cé hiad siúd nach bhfuil orthu ón dola a íoc?

Níl ar na feithiclí seo a leanas táillí dola an M50 a íoc:

  • feithiclí arna athchóiriú le haghaidh úsáide faoi mhíchumas;
  • gluaisrothair;
  • feithiclí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas;
  • feithiclí de chuid Óglaigh na hÉireann;
  • feithiclí a dhéanann cothabháil ar an M50; agus
  • Feithiclí An Gharda Síochána, feithiclí seirbhís otharchairr agus feithiclí an bhriogáid dóiteáin.

Má bhaineann ceann de na critéir thuas le d’fheithicil agus má cláraíodh i bPoblacht na hÉireann í, aithneoidh agus deimhneoidh eFlow do dhíolúine go huathoibríoch agus ní ghearrfar aon táille ort.

Is tiománaí faoi mhíchumas mé, cén próiseas díolúine eFlow a bhaineann liom?

Seoladh Scéim nua um Dhíolúine ó Dhola Míchumais (SDDM) i mí Feabhra na bliana 2020 chun próiseas na díolúine a lárú thar gach Bóthar Dola in Éirinn. Tagann an scéim seo in ionad an iarphróisis a bhí á bhainistiú ag cárta arna eisiúint ag na n-Oibreoirí Dola ar leith.

Deimhníonn Bonneagar Iompair Éireann go bhfuil na feithiclí siúd atá incháilithe do Scéim Faoisimh Cánach Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim díolmhaithe ó tháillí dola.

Tá na sonraí faoi incháilitheacht na bhfeithiclí agus faoi phróiseas an iarratais ar fáil ag  www.dtes.ie agus is féidir clárú leis saor in aisce.

Tabhair faoi deara: Níl aon tionchar ag scéim nua an SDDM ar dhíolúine na bhfeithiclí atá díolmhaithe cheana féin faoin gcleachtas roimhe seo. Mar sin féin, moltar go mór clárú le scéim an SDDM chun aon fhadhb féideartha nó aon iarracht ar táille dola a sheachaint.

Cad iad na spriocdhátaí íocaíochta do mhuirir dola an M50?

I gcás úsáideoirí neamhchláraithe  na mbóithre, caithfidh tú an dola a íoc roimh 8in an lá dár gcionn d’fhonn dolabhóthar an M50 a úsáid. Tá íocaíochtaí déanacha faoi réir pionóis.

Conas / Conas a thuairiscím ar eachtra ar Dholabhóthar an M50?

Má tá aon cheist agat faoi eachtra a tharla ar Mhótarbhealach an M50, déan teagmháil le hIonad Rialaithe Trácht an Mótarbhealaigh trí na sonraí teagmhála thíos:

rPhostinfo@mtcc.ie

Guthán0818-715-100

Cé leis an dola M50?

Is cuid den bhonneagar poiblí é an M50 ar le rialtas na hÉireann é agus atá á riar ag Bonneagar Iompair Éireann (TII), an comhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh le hAcht na mBóithre, 2015.

Cé hiad eFlow agus conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh le eflow?

Sé eFlow an t-ainm a thugtar ar an gcóras dola gan bhacainn ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath agus ar sholáthraí na gclibeanna leictreonacha le húsáid ar gach dola-bhóthar i bPoblacht na hÉireann.

Is ainm gnó cláraithe é eFlow de chuid Bhonneagar Iompair Éireann (TII). Íoctar an gach ioncam ó dholaí, lena n-áirítear pionóis, arna bhailiú ar an M50 go díreach chuig TII. Úsáidtear an ciste seo ansin le haghaidh oibriú agus cothabháil ghréasáin náisiúnta na mbóithre ar fud Poblacht na hÉireann.

Is féidir leat dul i dteagmháil le eFlow trí chomhrá gréasáin, trí na meáin shóisialta, nó trí aon cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Guthán Seirbhís na gCustaiméirí: 0818 50 10 50 nó +353 1 4610122
  • Seoladh Poist:eFlow, Bosca Poist 13294, DSU Deisceart na Cathrach, Corcaigh
  • rPhostinfo@eflow.ie
  • Guthán an Chabhlaigh:0818 50 50 80
  • Guthán an Fhoireann Réitigh:0818 50 70 50